EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2534

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún

C/2023/4741

IO L, 2023/2534, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2534/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2534/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2534

22.11.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2534 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach sa Phlean Oibre Éicidhearthóireachta 2016–2019 (2) a dhréachtaigh an Coimisiún na tosaíochtaí oibre faoin gcreat éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh don tréimhse 2016–2019. Sainaithnítear sa Phlean Oibre grúpaí táirgí a bhaineann le fuinneamh mar thosaíochtaí le haghaidh staidéir ullmhúcháin agus, más gá, le haghaidh glacadh beart cur chun feidhme. Áirítear leis sin triomadóirí rothlaim tí. Ina theannta sin, tá triomadóirí rothlaim tí sna trí phríomhghrúpa atá curtha in áirithe le haghaidh athbhreithniú roimh dheireadh 2025 sa Phlean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022–2024. (3).

(2)

Meastar go bhfuil acmhainneacht ag na bearta sa Phlean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022–2024 chun coigilteas fuinnimh deiridh iomlán bliantúil de bhreis ar 170 TWh a bhaint amach, in 2030, arb ionann é agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú thart ar 24 mhilliún tonna in aghaidh na bliana sa bhliain 2030. D’fhéadfaí coigilteas leictreachais 0.6 TWh in aghaidh na bliana a bhaint amach do thriomadóirí rothlaim tí faoi 2030 agus coigilteas leictreachais 1.7 TWh in aghaidh na bliana faoi 2040.

(3)

Leag an Coimisiún síos forálacha maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 (4).

(4)

Tá triomadóirí rothlaim tí i measc na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2017/1369 a bhfuil an Coimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh ina leith chun lipéad athscálaithe A go G a thabhairt isteach, a thaispeánfar i siopaí agus ar líne 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe.

(5)

Ceanglaítear le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán Tarmligthe sin i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta. Tá an t-athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún agus rinne sé anailís ar ghnéithe teicniúla, comhshaoil agus eacnamaíocha de thriomadóirí rothlaim chomh maith le hiompraíocht iarbhír úsáideoirí. Rinneadh an t-athbhreithniú i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara san Aontas agus i dtríú tíortha. Cuireadh torthaí an athbhreithnithe ar fáil go poiblí agus cuireadh iad faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1369.

(6)

Baineadh de thátal as an athbhreithniú go raibh gá le leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh triomadóirí rothlaim tí.

(7)

Is iad na gnéithe comhshaoil a bhaineann le triomadóirí rothlaim tí, a shainítear mar ghnéithe suntasacha chun críocha an Rialacháin seo, tomhaltas fuinnimh sa chéim úsáide, giniúint dramhaíola ag deireadh a ré, astaíochtaí chuig aer sa chéim táirgeachta de thoradh amhábhair a eastóscadh agus a phróiseáil, agus sa chéim úsáide mar gheall ar thomhaltas leictreachais.

(8)

Baintear de thátal as an athbhreithniú gur féidir laghdú breise a dhéanamh ar ídiú leictreachais triomadóirí rothlaim trí bhearta lipéadaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm lena ndírítear ar idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir táirgí. Tabharfaidh sé sin dreasacht do sholáthróirí feabhas breise a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar éifeachtúlacht acmhainne triomadóirí rothlaim tí.

(9)

Cuireann lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh maidir le fearais atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus acmhainne de. Deimhníodh go raibh an fhaisnéis ar an lipéad intuigthe agus ábhartha trí shuirbhé sonrach tomhaltóirí i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2017/1369.

(10)

I bplean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach (5) agus sa Phlean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022–2024 leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé úsáid a bhaint as an gcreat éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar atá níos ciorclaí agus níos éifeachtúla ó thaobh acmhainne de.

(11)

Fuarthas amach san athbhreithniú gur tháinig laghdú ó 14 bliana go dtí timpeall 12 bhliain ar shaolré triomadóirí rothlaim tí, agus gur dócha go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh in éagmais dreasachtaí chun triomadóirí rothlaim tí a chothabháil agus a dheisiú i gceart. D’fhéadfadh scór indeisitheachta lena gcuirtear in iúl don úsáideoir cé chomh héasca is atá sé triomadóir rothlaim tí a dheisiú a bheith ina bhealach chun úsáid ábhar agus diúscairt dramhaíola a laghdú trí spéis an tomhaltóra a mhúscailt san fhéidearthacht a dtriomadóir rothlaim a dheisiú seachas é a scriosadh, agus trí thionchar a imirt ar dhearadh an táirge. Ina theannta sin, d’fhéadfadh scór indeisitheachta is infheidhme san Aontas cosc a chur ar iomadú scéimeanna náisiúnta, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den mhargadh inmheánach. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, anailís a dhéanamh ar na féidearthachtaí i dtaca le scór indeisitheachta.

(12)

Tá na buntréithe céanna ag triomadóirí rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin agus atá ag triomadóirí caighdeánacha tí agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo.

(13)

Bíonn triomadóirí rothlaim tí ionsuite clúdaithe ag painéil a choinníonn an teas a tháirgtear taobh istigh den triomadóir rothlaim, rud a fhágann go mbíonn éifeachtacht fuinnimh níos fearr ann. Ba cheart an sainmhíniú ar thriomadóirí rothlaim tí ionsuite a fheabhsú chun iad a idirdhealú ó thriomadóirí rothlaim tí eile nach ndéantar ach iad a chur faoi phainéal ach nach bhfuil clúdaithe ag painéil, agus nach bhfuil an modh breise sin chun teas a choinneáil mar chuid díobh dá bhrí sin.

(14)

Ba cheart don lipéad fuinnimh a bheith ar thriomadóirí rothlaim tí a thaispeántar ag aontaí trádála más rud é gur cuireadh an chéad aonad den mhúnla ar an margadh cheana féin nó má chuirtear ar an margadh é ag an aonach trádála.

(15)

De ghnáth, déantar triomadóirí rothlaim a chumhachtaítear le ceallraí agus ar féidir iad a cheangal leis an bpríomhlíonra trí thiontaire AC/DC a cheannaítear ar leithligh, a shuiteáil i dtimpeallachtaí soghluaiste amhail veaineanna campála agus ní bheartaítear iad a úsáid i dteaghlaigh. Ba cheart na triomadóirí sin a eisiamh, dá bhrí sin, ó raon feidhme na gceanglas maidir le lipéadú fuinnimh.

(16)

Is margadh leictreach é margadh an Aontais anois agus is annaimhe ná riamh triomadóirí rothlaim gásadhainte. Mar sin, is féidir an lipéad fuinnimh a shimpliú tríd an deilbhín a thaispeánann an fhoinse fuinnimh lena ndéantar an triomadóir rothlaim tí a chumhachtú a bhaint.

(17)

Léirítear san athbhreithniú go bhfuil éifeachtúlachtaí comhdhlúthúcháin os cionn 80 % i gceist le formhór mór na dtriomadóirí rothlaim tí. Is féidir, dá bhrí sin, líon na n-aicmí éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin ar an lipéad a laghdú agus a dtairseacha a ardú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar fheabhas foriomlán an mhargaidh ó thaobh éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin.

(18)

Léirítear ar an lipéad fuinnimh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 an astaíocht fuaimthorainn aeriompartha ó thriomadóirí rothlaim tí ina deicibeilí A dB(A), ach níor sainíodh aon aicme fuaimthorainn. Cuirtear dearbhluach os comhair an úsáideora mar sin gan fiúntas an luacha sin a lua. Tá aicmí astaíochta fuaimthorainn curtha cheana féin ar na lipéid le haghaidh meaisíní níocháin, miasniteoirí agus cuisneoirí. Is iomchuí, dá bhrí sin, na haicmí astaíochtaí sin a shainiú agus iad a chur ar na lipéid le haghaidh triomadóirí rothlaim tí.

(19)

Ba cheart na paraiméadair táirge ábhartha a thomhas trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe. Ba cheart a chur san áireamh sna modhanna sin modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu sin, caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(20)

Agus aitheantas á thabhairt don mhéadú ar dhíolacháin táirgí a bhaineann le fuinneamh trí sholáthraithe ardán ar líne, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), seachas díolacháin dhíreacha ó shuíomhanna gréasáin soláthróirí, ba cheart a shoiléiriú gur cheart do sholáthraithe ardán ar líne den sórt sin é a chur ar a gcumas do thrádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le lipéadú an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, an tuiscint a bhaint as ‘faisnéis maidir le lipéadú agus marcáil’ dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/2065 go gcumhdaítear léi an lipéad fuinnimh agus an bhileog faisnéise faoin táirge araon. I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2065, níl soláthraithe ardán ar líne faoi dhliteanas i leith táirgí a dhíoltar trína gcomhéadain ar an gcoinníoll nach bhfuil eolas iarbhír acu ar neamhdhleathacht táirgí den sórt sin agus, tar éis dóibh eolas a fháil ar neamhdhleathacht na dtáirgí, go ngníomhaíonn siad go gasta chun iad a bhaint dá gcomhéadain. Tá soláthróir a dhíolann go díreach le húsáideoirí deiridh trína shuíomh gréasáin féin cumhdaithe ag oibleagáidí ciandíola déileálaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/1369.

(21)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/807 ón gCoimisiún (8) bunaítear fachtóir fuinnimh príomhúil le haghaidh leictreachais de 1.9 (comhéifeacht tiontúcháin) atá le cur i bhfeidhm nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh. Ba cheart an fachtóir fuinnimh phríomhúil sin a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar comparáid idir an tomhaltas fuinnimh le haghaidh triomadóirí rothlaim leictreacha agus triomadóirí rothlaim gásadhainte.

(22)

Ba cheart foráil a dhéanamh leis an nós imeachta fíorúcháin chun críoch faireachais margaidh maidir le cásanna nach sroichfidh tástálacha a dhéantar ar thriomadóirí rothlaim tí an cion taise deiridh leordhóthanach.

(23)

Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 a aisghairm le héifeacht ón 30 Meitheamh 2025.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le lipéadú triomadóirí rothlaim tí a oibrítear le príomhlíonra leictreach agus triomadóirí atá gásadhainte agus maidir le faisnéis fhorlíontach a sholáthar maidir le triomadóirí rothlaim tí den sórt sin. Tá feidhm aige freisin maidir le triomadóirí rothlaim tí ionsuite, triomadóirí rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin agus triomadóirí rothlaim tí a oibrítear leis an bpríomhlíonra leictreach ar féidir iad a chumhachtú le cadhnraí freisin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

niteoirí triomadóirí tí agus castarraingteoirí tí;

(b)

triomadóirí rothlaim laistigh de raon feidhme Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(c)

triomadóirí rothlaim a chumhachtaítear le ceallraí agus ar féidir iad a cheangal leis an bpríomhlíonra trí thiontaire AC/DC a cheannaítear ar leithligh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘príomhlíonra’ an soláthar leictreachais ón eangach de 230 (± 10 %) volta de shruth ailtéarnach ag 50 Hz;

(2)

ciallaíonn ‘triomadóir rothlaim tí’ fearas ina ndéantar níochán a thriomú trína rothlú i ndroma rothlach trína gcuirtear aer téite agus a dhearbhaíonn an monaróir ina leith sa dearbhú comhréireachta go gcomhlíonann sé Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) nó Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(3)

ciallaíonn ‘triomadóir rothlaim tí ionsuite’ triomadóir rothlaim tí a dheartar, a thástáiltear agus a mhargaítear go heisiach chun na saintréithe uile seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

lena suiteáil i gcaibinéid nó lena gclúdach (ar an mbarr agus/nó ar an mbun, agus ar na taobhanna) ag painéil;

(b)

lena bheith ceangailte go daingean de thaobhanna, barr nó urlár an chaibinéid nó na bpainéal;

(c)

lena bheith feistithe le haghaidh iomlánaithe a gcuirtear snas uirthi sa mhonarcha nó lena bheith feistithe le painéal tosaigh saincheaptha;

(4)

ciallaíonn ‘meaisín niteoir-triomadóir tí’ fearas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún (12);

(5)

ciallaíonn ‘castarraingteoirí tí’ fearas ina mbaintear uisce as an níochán trí ghníomhaíocht lártheifeach i ndruma rothlach agus a dhraenáiltear trí chaidéal uathoibríoch nó trí dhomhantarraingt agus atá deartha le húsáid go príomha chun críocha neamhghairmiúla agus ar a dtugtar freisin sa réimse tráchtála ‘castriomadóir’;

(6)

ciallaíonn ‘clár’ sraith oibríochtaí atá réamhshainithe agus a ndearbhaíonn an soláthróir go bhfuil siad oiriúnach chun cineálacha áirithe teicstíle a thriomú;

(7)

ciallaíonn ‘díolphointe’ suíomh ina dtaispeántar triomadóirí rothlaim tí nó ina dtairgtear iad lena ndíol, lena bhfruiliú nó lena bhfruilcheannach;

(8)

ciallaíonn ‘triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin’ triomadóir rothlaim tí atá feistithe le níos mó ná druma amháin, bídís in aonaid ar leith nó sa chásáil chéanna;

Chun críocha Iarscríbhinní II go X, tá feidhm ag na sainmhínithe breise a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Oibleagáidí ar sholáthróirí

1.   Áiritheoidh soláthróirí an méid seo a leanas:

(a)

soláthraítear lipéad clóite do gach triomadóir rothlaim tí san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III agus, i gcás triomadóirí rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin, i gcomhréir le hIarscríbhinn X;

(b)

cuirtear luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn V, isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí;

(c)

i gcás ina n-iarrfaidh déileálaí go sonrach é, cuirtear an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil i bhfoirm chlóite;

(d)

cuirtear a bhfuil sa doiciméadacht theicniúil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, isteach sa bhunachar sonraí táirgí;

(e)

aon fhógra amhairc a bhaineann le múnla sonrach de thriomadóir rothlaim tí, cuimseofar ann an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII;

(f)

aon ábhar cur chun cinn teicniúil a bhaineann le múnla sonrach de thriomadóir rothlaim tí, lena n-áirítear ábhar teicniúil cur chun cinn ar an idirlíon, ina dtugtar tuairisc ar a pharaiméadair theicniúla shonracha, áirítear leis aicme éifeachtúlachta fuinnimh an mhúnla sin agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII;

(g)

cuirtear lipéad leictreonach san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus ar a bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ar fáil do dhéileálaithe le haghaidh gach múnla de thriomadóir rothlaim tí;

(h)

cuirtear bileog faisnéise leictreonach faoin táirge, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar fáil do dhéileálaithe le haghaidh gach múnla de thriomadóir rothlaim tí.

2.   Déanfar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh, an aicme astaíochta fuaimthorainn aeriompartha agus, i gcás inarb ábhartha, an aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

Airteagal 4

Oibleagáidí ar dhéileálaithe

Áiritheoidh déileálaithe an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh an lipéad arna sholáthar ag soláthróirí i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (a), ar gach triomadóir rothlaim tí ag an díolphointe, lena n-áirítear ag aontaí trádála, agus an lipéad á thaispeáint le haghaidh fearais ionsuite sa chaoi go mbeidh sé sofheicthe, agus le haghaidh gach fearais eile sa chaoi go mbeidh sé sofheicthe ar an taobh amuigh ar aghaidh nó ar bharr an triomadóra rothlaim tí;

(b)

i gcás ciandíola, go soláthraítear an lipéad agus an bhileog faisnéise faoin táirge i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII;

(c)

aon fhógra amhairc le haghaidh múnla sonrach de thriomadóir rothlaim tí, lena n-áirítear ar an idirlíon, cuimseofar ann an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad i gcomhréir le hIarscríbhinn VII;

(d)

aon ábhar cur chun cinn teicniúil a bhaineann le múnla sonrach de thriomadóir rothlaim tí, lena n-áirítear ábhar teicniúil cur chun cinn ar an idirlíon, ina dtugtar tuairisc ar a pharaiméadair theicniúla shonracha, áirítear leis aicme éifeachtúlachta fuinnimh an mhúnla sin agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

Airteagal 5

Modhanna tomhais agus ríofa

Déanfar an fhaisnéis a sholáthrófar de bhun Airteagail 3 agus 4 a fháil trí mhodhanna tomhais agus ríofa atá iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe, lena gcuirfear san áireamh na modhanna aitheanta tomhais agus ríofa is nua-aimseartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 6

Nós imeachta fíorúcháin chun críoch faireachais margaidh

Cuirfidh na Ballstáit an nós imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm agus na seiceálacha um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 á ndéanamh acu.

Airteagal 7

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin lena n-áirítear, más iomchuí, dréacht-togra le haghaidh athbhreithniú, faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin faoin 1 Eanáir 2030.

Déanfar measúnú san athbhreithniú ar na heilimintí seo a leanas go háirithe:

(a)

an poitéinseal feabhsúcháin maidir le tomhaltas fuinnimh, feidhmíocht fheidhmiúil agus chomhshaoil na dtriomadóirí rothlaim tí;

(b)

éifeachtacht na mbeart atá ann cheana maidir le spreagadh a thabhairt d’úsáideoirí deiridh fearais atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus acmhainne de a cheannach agus cláir atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus acmhainne de a úsáid;

(c)

an fhéidearthacht chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh.

2.   Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2025 déanfaidh an Coimisiún scór indeisitheachta do thriomadóirí rothlaim tí, agus, más iomchuí, dréacht-togra maidir le scór indeisitheachta do thriomadóirí rothlaim tí, a thíolacadh don Fhóram Comhairliúcháin.

Airteagal 8

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012.

Airteagal 9

Bearta idirthréimhseacha

Go dtí an 30 Meitheamh 2025, féadfar an bhileog faoin táirge a cheanglaítear faoi Airteagal 3, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 a chur ar fáil tríd an mbunachar sonraí táirgí in ionad é a chur ar fáil i bhfoirm chlóite in éineacht leis an táirge. I gcás ina n-iarrann an déileálaí amhlaidh, áfach, áiritheoidh an soláthróir go gcuirfear an bhileog faoin táirge ar fáil i bhfoirm chlóite.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 9 ón 1 Eanáir 2024 agus beidh feidhm ag Airteagal 3(1), pointí (a) agus (b), ón 1 Márta 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 28.7.2017, lch. 1.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Plean Oibre Éicidhearthóireachta 2016-2019 (COM(2016) 773 final an 30.11.2016).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Plean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022-2024 2022/C 182/01 (IO C 182, 4.5.2022, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún an 1 Márta 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí (IO L 123, 9.5.2012, lch. 1).

(5)   Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions. Closing the loop — An EU action plan for the circular economy [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Ciorcal a shlánú Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach] (COM(2015) 614 final an 2.12.2015).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair Do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/807 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachais i gcur i bhfeidhm Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 101, 14.4.2023, lch. 16).

(9)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).

(10)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(11)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(12)  Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285).


IARSCRÍBHINN I

Sainmhínithe

Chun críocha Iarscríbhinní II go X, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘triomadóir aer-aeráilte’ triomadóir rothlaim tí a tharraingíonn aer úr isteach, a chuireann fud an níocháin é agus a aerálann an t-aer tais a bhíonn mar thoradh air isteach sa seomra nó lasmuigh;

(2)

ciallaíonn ‘triomadóir rothlaim comhdhlúthadáin’ triomadóir rothlaim tí a chuimsíonn córas, a úsáideann comhdhlúthú nó aon mhodh eile, chun taise a bhaint as an aer a úsáidtear don phróiseas triomúcháin;

(3)

ciallaíonn ‘triomadóir rothlaim gásadhainte’ triomadóir rothlaim tí a úsáideann gás chun an t-aer taobh istigh de a théamh;

(4)

ciallaíonn ‘Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh’ nó ‘EEI’ an cóimheas idir an tomhaltas ualaithe fuinnimh agus an tomhaltas fuinnimh caighdeánach in aghaidh an timthrialla triomúcháin i múnla sonrach triomadóra tí;

(5)

ciallaíonn ‘timthriall triomúcháin’ próiseas iomlán triomúcháin, mar a shainmhínítear é sa chlár a éilítear, arb é atá ann sraith oibríochtaí éagsúla lena n-áirítear téamh agus rothlú;

(6)

ciallaíonn ‘fad an chláir’ an méid ama a thosaíonn le tionscnamh an chláir a roghnaítear, gan aon mhoill arna ríomhchlárú ag an úsáideoir a chur san áireamh, go dtí go ngníomhaítear táscaire deireadh cláir, agus go bhfuil rochtain ag an úsáideoir ar an ualach;

(7)

ciallaíonn ‘toilleadh rátaithe’ an uasmhais ina cileagraim, arna sonrú ag an monaróir, ag an allmhaireoir nó ag an ionadaí údaraithe, ag eatraimh 0,5 kg, de níochán tirim de chineál ar leith ar féidir cóireáil a dhéanamh orthu i dtimthriall triomúcháin amháin de thriomadóir rothlaim tí ar an gclár roghnaithe, nuair a luchtaítear i gcomhréir le treoracha an mhonaróra é;

(8)

ciallaíonn ‘ualach iomlán’ an toilleadh rátaithe atá ag triomadóir rothlaim tí do chlár ar leith;

(9)

ciallaíonn ‘ualach páirteach’ leath den toilleadh rátaithe atá ag triomadóir rothlaim tí do chlár ar leith;

(10)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin’ an cóimheas idir mais na taise arna comhdhlúthú ag triomadóir comhdhlúthadáin agus mais na taise a bhaintear as an ualach ag deireadh timthrialla triomúcháin;

(11)

ciallaíonn ‘cód mearfhreagartha’ nó ‘cód QR’ barrachóid maitríse atá san áireamh ar lipéad fuinnimh múnla táirge a nascann le faisnéis an mhúnla sin sa chuid phoiblí de bhunachar sonraí an táirge;

(12)

ciallaíonn mód ‘as’ staid ina bhfuil an triomadóir rothlaim tí nasctha leis an bpríomhlíonra agus nach soláthraíonn sé aon fheidhm, lena n-áirítear na staideanna seo a leanas:

(a)

staideanna nach soláthraíonn ach tásc maidir le stádas an mhóid ‘as’;

(b)

coinníollacha nach soláthraíonn ach feidhmiúlachtaí atá ceaptha chun comhoiriúnacht leictreamaighnéadach a áirithiú de bhun Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(13)

ciallaíonn ‘mód fuireachais’ staid ina bhfuil an triomadóir rothlaim tí nasctha leis an bpríomhlíonra agus nach soláthraíonn sé ach na feidhmeanna seo a leanas nó roinnt de feidhmeanna sin a d’fhéadfadh feidhmiú ar feadh tréimhse éiginnte:

(a)

feidhm athghníomhachtúcháin, nó feidhm athghníomhachtúcháin agus tásc ar fheidhm athghníomhachtúcháin;

(b)

feidhm athghníomhachtúcháin trí cheangal le líonra (‘fuireachas líonraithe’);

(c)

taispeáint faisnéise nó stádais;

(d)

feidhm braite le haghaidh bearta éigeandála;

(14)

ciallaíonn ‘líonra’ bonneagar cumarsáide a bhfuil toipeolaíocht nasc ann, is é sin ailtireacht, lena n-áirítear na comhpháirteanna fisiceacha, prionsabail eagraíochtúla, nósanna imeachta cumarsáide agus formáidí (prótacail);

(15)

ciallaíonn ‘feidhm coiscthe filltíní’ oibríocht ar an triomadóir rothlaim tí tar éis don chlár críochnú chun ró-charnadh filltíní sa níochán a chosc;

(16)

ciallaíonn ‘tús moillithe’ staid ina bhfuil moill shonraithe roghnaithe ag an úsáideoir go dtí tús nó deireadh thimthriall triomúcháin an chláir roghnaithe;

(17)

ciallaíonn ‘sásra taispeána’ aon scáileán, lena n-áirítear scáileán tadhlach, nó teicneolaíocht amhairc eile a úsáidtear chun inneachar idirlín a thaispeáint d’úsáideoirí;

(18)

ciallaíonn ‘taispeáint neadaithe’ comhéadan amhairc ina bhfaightear rochtain ar íomhá nó tacar sonraí le cliceáil luiche, tar-rolladh na luiche nó leathnú an scáileáin thadhlaigh ar íomhá nó tacar sonraí eile;

(19)

ciallaíonn ‘scáileán tadhlach’ scáileán a fhreagraíonn do thadhall, amhail ríomhaire táibléid nó fóin chliste;

(20)

ciallaíonn ‘téacs malartach’ téacs a sholáthraítear mar mhalairt ar íomhá ghrafach lena gceadaítear faisnéis a chur i láthair i bhfoirm neamhghrafach i gcás nach féidir le gaireas taispeána an íomhá ghrafach a léiriú nó mar uirlis inrochtaineachta amhail ionchur i bhfeidhmchláir sintéise gutha;

(21)

ciallaíonn ‘éiceachlár’ clár atá in ann níochán cadáis a thriomú ó chion taise tosaigh 60 % sa lód síos go dtí cion taise deiridh 0 % sa lód;

(22)

ciallaíonn ‘cion taise tosaigh’ an méid taise atá sa lód ag tús an timthrialla triomúcháin;

(23)

ciallaíonn ‘cion taise deiridh’ an méid taise atá sa lód ag deireadh an timthrialla triomúcháin;

(24)

ciallaíonn ‘ráthaíocht’ aon ghealltanas a thugann an déileálaí nó an soláthróir don tomhaltóir an praghas a íocadh a aisíoc nó an triomadóir rothlaim tí a athsholáthar, a dheisiú nó a láimhseáil ar aon bhealach mura gcomhlíonann sé na sonraíochtaí a leagtar amach sa ráiteas ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha;

(25)

ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna a sholáthair an soláthróir le haghaidh na bparaiméadar teicniúil atá luaite, ríofa nó tomhaiste i gcomhréir le hAirteagal 3, le haghaidh fíorú comhlíontachta ag údaráis na mBallstát.

(26)

ciallaíonn ‘comhéifeacht tiontúcháin’ (CC) an chomhéifeacht réamhshocraithe don fhuinneamh príomhúil in aghaidh an kWh leictreachais dá dtagraítear i dTreoir 2012/27/AE (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é CC = 1.9 luach na comhéifeachta tiontúcháin.


(1)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(2)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh, aicme astaíochta fuaimthorainn aeriompartha agus aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin

1.   AICME ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH

Cinnfear aicme éifeachtúlachta fuinnimh triomadóra rothlaim tí ar bhonn a innéacs éifeachtúlachta fuinnimh (‘EEI’) mar a leagtar amach i dTábla 1. Cinnfear EEI i gcomhréir le Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV.

Tábla 1

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh

A (is éifeachtúla)

EEI ≤ 43

B

43 < EEI ≤ 50

C

50 < EEI ≤ 60

D

60 < EEI ≤ 70

E

70 < EEI ≤ 85

F

85 < EEI ≤ 100

G (is lú éifeachtúil)

EEI > 100

2.   AICME NA hASTAÍOCHTA FUAIMTHORAINN AERIOMPARTHA

Cinnfear astaíocht fuaimthorainn aeriompartha triomadóra rothlaim tí mar mheánluach ualaithe (LWA) na cumhachta fuaime san éiceachlár agus ualach iomlán ann le linn an timthrialla triomúcháin arna shloinneadh ina dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire.

Cinnfear aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha ar bhonn LWA mar a leagtar amach i dTábla 2.

Tábla 2

Aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha

Aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha

Torann (dB(A))

A

LWA ≤ 60

B

60 < LWA ≤ 64

C

64 < LWA ≤ 68

D

LWA > 68

3.   AICME ÉIFEACHTÚLACHTA COMHDHLÚTHÚCHÁIN

Cinnfear an aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin ar bhonn na héifeachtúlachta comhdhlúthúcháin ualaithe mar a leagtar amach i dTábla 3.

Tábla 3

Aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin

Aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin

Éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin ualaithe

A

Ct ≥ 94

B

88 ≤ Ct < 94

C

82 ≤ Ct < 88

D

Ct < 82


IARSCRÍBHINN III

Lipéad

A.   Lipéad le haghaidh triomadóirí rothlaim comhdhlúthadáin

1.   LIPÉAD LE hAGHAIDH TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM COMHDHLÚTHADÁIN

Fíor 1

Image 1

1.1.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad:

I

cód QR;

II

trádmharc;

III

aitheantóir múnla;

IV

scála aicmí éifeachtúlachta fuinnimh ó A go G;

V

an aicme éifeachtúlachta fuinnimh arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II; cuirfear ceann na saigheada ar a mbeidh aicme éifeachtúlachta fuinnimh an triomadóra rothlaim ar an airde chéanna le ceann na saigheada a bhaineann leis an aicme éifeachtúlachta fuinnimh ábhartha;

VI

meántomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV; i gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, an meántomhaltas ualaithe fuinnimh (gás agus leictreachas) in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VII

aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, in éineacht leis an lógó ábhartha agus an luach arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VIII

aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha de thimthriall triomúcháin an éiceachláir, in éineacht leis an lógó ábhartha agus an luach ina dB(A), arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn IV;

IX

toilleadh rátaithe, ina kg, don éiceachlár agus ualach iomlán ann;

X

fad an éiceachláir agus ualach iomlán ann in uaireanta an chloig agus nóiméid [u:nóim] arna shlánú go dtí an nóiméad is gaire;

XI

uimhir an Rialacháin seo, is é sin ‘2023/2534.

1.2.

I gcás ina ndeonaítear ‘Éicilipéad AE’ do mhúnla de bhun Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, féadfar cóip d’Éicilipéad AE a chur leis (1).

2.   DEARADH AN LIPÉID LE hAGHAIDH TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM COMHDHLÚTHADÁIN

Fíor 2

Image 2

Inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

ní mór an lipéad a bheith 96 mm ar leithead agus 192 mm ar airde ar a laghad. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad i bhformáid níos mó, mar sin féin ní mór a inneachar a bheith i gcomhréir leis na sonraíochtaí i bhFíor 2;

(b)

beidh an cúlra 100 % bán;

(c)

Verdana a bheidh sa chló-aghaidh;

(d)

beidh toisí agus sonraíochtaí na n-eilimintí ar an lipéad mar a léirítear i ndearaí an lipéid san Iarscríbhinn seo;

(e)

úsáidfear na dathanna CMYK — cian, maigeanta, buí agus dubh, agus an sampla seo á leanúint: 0,70,100,0: 0 % cian, 70 % maigeanta, 100 % buí, 0 % dubh;

(f)

comhlíonfaidh an lipéad gach ceann de na ceanglais seo a leanas (tagraíonn na huimhreacha d’Fhíor 2).

Image 3

beidh dathanna lógó an Aontais mar a leanas:

an cúlra: 100,80,0,0;

na réaltaí: 0,0,100,0;

Image 4

beidh dath an lógó fuinnimh: 100,80,0,0;

Image 5

beidh an cód QR 100 % dubh;

Image 6

beidh an trádmharc 100 % dubh agus i gCló Trom 9 pt;

Image 7

beidh an t-aitheantóir múnla 100 % dubh agus i nGnáthchló 9 pt;

Image 8

beidh an scála A go G mar a leanas:

(a)

beidh na litreacha sna saigheada 100 % bán agus i gCló Trom 16 pt agus beidh siad láraithe ar ais ag 4,5 mm ón taobh clé de na saigheada;

(b)

beidh dathanna cúlra na saighead mar a leanas:

(i)

Aicme-A: 100,0,100,0;

(ii)

Aicme-B: 70,0,100,0;

(iii)

Aicme-C: 30,0,100,0;

(iv)

Aicme-D: 0,0,100,0;

(v)

Aicme-E: 0,30,100,0;

(vi)

Aicme-F: 0,70,100,0;

(vii)

Aicme-G: 0,100,100,0;

Image 9

beidh na roinnteoirí inmheánacha 80 mm ar leithead agus beidh meáchan 0,5 pt iontu. Beidh dath 100 % dubh ar na roinnteoirí;

Image 10

beidh saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % dubh. Beidh an litir laistigh de shaighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % bán agus i gCló Trom 26 pt, agus déanfar í a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead. Déanfar saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh agus an tsaighead chomhfhreagrach sa scála A go G a shuíomh sa chaoi go mbeidh a mbarra ailínithe;

Image 11

is i gCló Trom 28 pt a bheidh luach an tomhaltais ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin; beidh ‘kWh/’ i nGnáthchló 18 pt. Beidh an uimhir ‘100’ sa deilbhín a sheasann do 100 timthriall triomúcháin i nGnáthchló 14 pt. Beidh an téacs láraithe sa cholún agus 100 % dubh;

Image 12

beidh na picteagraim mar a thaispeántar i ndearadh an lipéid agus mar a leanas:

(a)

beidh meáchan 1.2 pt ag línte na bpicteagram agus beidh siad sin agus na téacsanna (uimhreacha agus aonaid) 100 % dubh;

(b)

déanfar scálaí A go D den phicteagram éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin agus den phicteagram astaíochta fuaimthorainn aeriompartha a ailíniú ar ais ingearach ar thaobh na láimhe clé den deilbhín, in éineacht le litir na haicme is infheidhme i gCló Trom 12 pt agus na litreacha eile den chuid eile de na haicmí i nGnáthchló 8 pt;

(c)

beidh uimhir an phicteagraim éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin i gCló Trom 9 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 9 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe laistigh den phicteagram;

(d)

beidh uimhir an phicteagraim astaíochta fuaimthorainn aeriompartha i gCló Trom 12 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 9 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe laistigh den phicteagram;

(e)

beidh an uimhir a bhaineann le picteagram an toillte rátaithe i gCló Trom 16 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 12 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe thíos faoin bpicteagram;

(f)

beidh an picteagram a bhaineann le huimhir fhad an éiceachláir i gCló Trom 16 pt agus beidh an uimhir sin láraithe thíos faoin bpicteagram;

Image 13

beidh uimhir an Rialacháin 100 % dubh agus i nGnáthchló 6 pt.

B.   Lipéad le haghaidh triomadóirí rothlaim neamh-chomhdhlúthadáin

1.   LIPÉAD LE hAGHAIDH TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM NEAMH-CHOMHDHLÚTHADÁIN

Fíor 3

Image 14

1.1.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad:

I

cód QR;

II

trádmharc;

III

aitheantóir múnla;

IV

scála aicmí éifeachtúlachta fuinnimh ó A go G;

V

an aicme éifeachtúlachta fuinnimh arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II; cuirfear ceann na saigheada ar a mbeidh aicme éifeachtúlachta fuinnimh an triomadóra rothlaim ar an airde chéanna le ceann na saigheada a bhaineann leis an aicme éifeachtúlachta fuinnimh ábhartha;

VI

meántomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV; i gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, an meántomhaltas ualaithe fuinnimh (gás agus leictreachas) in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VII

aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha de thimthriall triomúcháin an éiceachláir, in éineacht leis an lógó ábhartha agus an luach ina dB(A), arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn IV;

VIII

toilleadh rátaithe, ina kg, don éiceachlár agus ualach iomlán ann;

IX

fad an éiceachláir agus ualach iomlán ann in uaireanta an chloig agus nóiméid [u:nóim] arna shlánú go dtí an nóiméad is gaire;

X

uimhir an Rialacháin seo, is é sin ‘2023/2534’.

1.2.

I gcás ina ndeonaítear ‘Éicilipéad AE’ do mhúnla de bhun Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfar cóip d’Éicilipéad AE a chur leis.

2.   DEARADH AN LIPÉID LE hAGHAIDH TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM NEAMH-CHOMHDHLÚTHADÁIN

Fíor 4

Image 15

Inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

ní mór an lipéad a bheith 96 mm ar leithead agus 192 mm ar airde ar a laghad. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad i bhformáid níos mó, mar sin féin ní mór a inneachar a bheith i gcomhréir leis na sonraíochtaí i bhFíor 4;

(b)

beidh an cúlra 100 % bán;

(c)

Verdana a bheidh sa chló-aghaidh;

(d)

beidh toisí agus sonraíochtaí na n-eilimintí ar an lipéad mar a léirítear i ndearaí an lipéid san Iarscríbhinn seo;

(e)

úsáidfear na dathanna CMYK — cian, maigeanta, buí agus dubh, agus an sampla seo á leanúint: 0,70,100,0: 0 % cian, 70 % maigeanta, 100 % buí, 0 % dubh;

(f)

comhlíonfaidh an lipéad gach ceann de na ceanglais seo a leanas (tagraíonn na huimhreacha d’Fhíor 4).

Image 16

beidh dathanna lógó an Aontais mar a leanas:

an cúlra: 100,80,0,0;

na réaltaí: 0,0,100,0;

Image 17

beidh dath an lógó fuinnimh: 100,80,0,0;

Image 18

beidh an cód QR 100 % dubh;

Image 19

beidh an trádmharc 100 % dubh agus i gCló Trom 9 pt;

Image 20

beidh an t-aitheantóir múnla 100 % dubh agus i nGnáthchló 9 pt;

Image 21

beidh an scála A go G mar a leanas:

(a)

beidh na litreacha sna saigheada 100 % bán agus i gCló Trom 16 pt agus beidh siad láraithe ar ais ag 4,5 mm ón taobh clé de na saigheada;

(b)

beidh dathanna cúlra na saighead mar a leanas:

(i)

Aicme-A: 100,0,100,0;

(ii)

Aicme-B: 70,0,100,0;

(iii)

Aicme-C: 30,0,100,0;

(iv)

Aicme-D: 0,0,100,0;

(v)

Aicme-E: 0,30,100,0;

(vi)

Aicme-F: 0,70,100,0;

(vii)

Aicme-G: 0,100,100,0;

Image 22

beidh na roinnteoirí inmheánacha 80 mm ar leithead agus beidh meáchan 0,5 pt iontu. Beidh dath 100 % dubh ar na roinnteoirí;

Image 23

beidh saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % dubh. Beidh an litir laistigh de shaighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % bán agus i gCló Trom 26 pt, agus déanfar í a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead. Déanfar saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh agus an tsaighead chomhfhreagrach sa scála A go G a shuíomh sa chaoi go mbeidh a mbarra ailínithe;

Image 24

is i gCló Trom 28 pt a bheidh luach an tomhaltais ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin; beidh ‘kWh/’ i nGnáthchló 18 pt. Beidh an uimhir ‘100’ sa deilbhín a sheasann do 100 timthriall triomúcháin i nGnáthchló 14 pt. Beidh an téacs láraithe sa cholún agus 100 % dubh;

Image 25

beidh na picteagraim mar a thaispeántar i ndearadh an lipéid agus mar a leanas:

(a)

beidh meáchan 1.2 pt ag línte na bpicteagram agus beidh siad sin agus na téacsanna (uimhreacha agus aonaid) 100 % dubh;

(b)

déanfar scálaí A go D den phicteagram astaíochta fuaimthorainn aeriompartha a ailíniú ar ais ingearach ar thaobh na láimhe clé den deilbhín, in éineacht le litir na haicme is infheidhme i gCló Trom 12 pt agus na litreacha eile den chuid eile de na haicmí i nGnáthchló 8 pt;

(c)

beidh uimhir an phicteagraim astaíochta fuaimthorainn aeriompartha i gCló Trom 12 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 9 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe laistigh den phicteagram;

(d)

beidh an uimhir a bhaineann le picteagram an toillte rátaithe i gCló Trom 16 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 12 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe thíos faoin bpicteagram;

(e)

beidh an picteagram a bhaineann le huimhir fhad an éiceachláir i gCló Trom 16 pt agus beidh an uimhir sin láraithe thíos faoin bpicteagram;

Image 26

beidh uimhir an rialacháin 100 % dubh agus i nGnáthchló 6 pt.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.).


IARSCRÍBHINN IV

Modhanna tomhais agus ríofa

Chun críocha comhlíontachta agus chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú, déanfar tomhais agus ríomhanna trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe, a bhfoilsítear chun na críche sin a n-uimhreacha tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó trí mhodhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe eile, lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha a aithnítear go ginearálta agus atá i gcomhréir leis na forálacha san Iarscríbhinn seo.

I gcás ina bhfógrófar paraiméadar de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le Tábla 5 d’Iarscríbhinn VI, úsáidfidh an soláthróir a luach fógartha le haghaidh na ríomhanna san Iarscríbhinn seo.

Bainfear úsáid as an éiceachlár mar atá inaitheanta ar an roghnú cláir, ar an scáileán taispeána agus tríd an nasc líonra, ag brath ar na feidhmiúlachtaí a sholáthraíonn an triomadóir rothlaim tí, agus gan aon mhodhnú breise a dhéanamh ar an socrú maidir leis an gcion taise deiridh, chun EEI, an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin, fad an chláir, an cion taise deiridh agus na hastaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha a thomhas agus a ríomh. Déanfar an tomhaltas fuinnimh, an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin, fad an chláir agus an cion taise deiridh a thomhas i gcomhthráth.

Déanfar an tomhaltas ualaithe fuinnimh, fad ualaithe an chláir, an cion taise deiridh agus an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin a ríomh ar bhonn trí thimthriall triomúcháin ag ualach iomlán agus ceithre thimthriall triomúcháin ag ualach páirteach.

Ní bheidh an toilleadh rátáilte sonraithe don éiceachlár níos ísle ná an toilleadh rátáilte is airde i measc chláir cadáis uile an triomadóra rothlaim tí.

1.   INNÉACS ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH

Chun EEI de mhúnla triomadóra rothlaim tí a ríomh, déantar comparáid idir an tomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an timthrialla triomúcháin don éiceachlár ag ualach iomlán agus ag ualach páirteach agus an tomhaltas fuinnimh caighdeánach in aghaidh an timthrialla triomúcháin.

(a)

Ríomhtar EEI mar a leanas agus slánaítear é go dtí ionad deachúlach amháin:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

EtC

=

tomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an timthrialla triomúcháin,

SEC

=

tomhaltas fuinnimh caighdeánach in aghaidh an timthrialla triomúcháin.

(b)

Ríomhtar SEC in kWh mar a leanas agus slánaítear é go dtí an dara hionad deachúil:

(i)

i gcás triomadóirí rothlaim tí seachas triomadóirí rothlaim aer-aeráilte:

Formula

(ii)

i gcás triomadóirí rothlaim aer-aeráilte:

Formula

i gcás inarb amhlaidh

Is é c

toilleadh rátáilte an triomadóra rothlaim tí don éiceachlár,

Is é Tt

an fad ualaithe don éiceachlár.

(c)

Ríomhtar EtC in kWh mar a leanas agus slánaítear é go dtí an dara hionad deachúil:

Formula

i gcás inarb amhlaidh

Egdry

=

tomhaltas fuinnimh an éiceachláir ag ualach iomlán, in kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

Edry½

=

tomhaltas fuinnimh an éiceachláir ag ualach páirteach, in kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil.

(d)

I gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, ríomhtar Edry agus Edry1/2 mar a leanas

Formula

Formula

i gcás inarb amhlaidh

Egdry

=

tomhaltas gáis an éiceachláir ag ualach iomlán, in kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

Egdry½

=

tomhaltas gáis an éiceachláir ag ualach páirteach, in kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

Egdry,a

=

tomhaltas leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach iomlán, ina kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

Egdry½,a

=

tomhaltas leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach páirteach, ina kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

CC (comhéifeacht tiontúcháin)

=

1.9.

(e)

Ríomhtar Tt don éiceachlár i nóiméid, arna slánú go dtí an nóiméad is gaire, mar a leanas:

Formula

i gcás inarb amhlaidh

Tdry

=

fad an chláir don éiceachlár ag ualach iomlán, i nóiméid agus arna shlánú go dtí an nóiméad is gaire,

Tdry½

=

fad an chláir don éiceachlár ag ualach páirteach, i nóiméid agus arna shlánú go dtí an nóiméad is gaire.

(f)

Meántomhaltas ualaithe fuinnimh an triomadóra rothlaim tí a oibrítear leis an bpríomhlíonra leictreach, in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin, is mar a leanas a dhéantar é a ríomh agus déantar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire:

Etc × 100

Meántomhaltas ualaithe fuinnimh an triomadóra rothlaim tí gásadhainte in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin, is mar a leanas a dhéantar é a ríomh agus déantar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire:

Formula

i gcás inarb amhlaidh

Egdry

=

tomhaltas gáis an éiceachláir ag ualach iomlán, in kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

Egdry½

=

tomhaltas gáis an éiceachláir ag ualach páirteach, in kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

Egdry,a

=

tomhaltas leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach iomlán, ina kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

Egdry½,a

=

tomhaltas leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach páirteach, ina kWh agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil,

(g)

Ríomhtar an meánchion taise deiridh μt don éiceachlár mar chéatadán arna shlánú go dtí ionad deachúlach amháin, mar a leanas:

Formula

i gcás inarb amhlaidh

μdry

=

an cion taise deiridh don éiceachlár le hualach iomlán mar chéatadán arna shlánú go dtí ionad deachúlach amháin.

μdry½

=

an cion taise deiridh don éiceachlár le hualach páirteach mar chéatadán arna shlánú go dtí ionad deachúlach amháin.

2.   ÉIFEACHTÚLACHT COMHDHLÚTHÚCHÁIN

Is é éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin cláir (Ct) an cóimheas idir mais na taise a chomhdhlúthaítear agus a bhailítear i gcoimeádán triomadóra rothlaim comhdhlúthadáin agus mais na taise a bhaintear as an ualach ag an gclár, arb é an ceann deireanach an difríocht idir mais an ualaigh tástála fhliuch roimh thriomúchán agus mais an ualaigh tástála tar éis triomúcháin.

Déantar Ct a ríomh mar chéatadán agus a shlánú go dtí an slánchéatadán is gaire mar a leanas:

Formula

i gcás inarb amhlaidh

Cdry

=

meánéifeachtúlacht comhdhlúthúcháin an éiceachláir le hualach iomlán,

Cdry½

=

meánéifeachtúlacht comhdhlúthúcháin an éiceachláir agus ualach páirteach ann.

3.   MODHANNA CUMHACHTA ÍSLE

Déantar ídiú cumhachta an mhóid ‘as’ (Po ), an mhóid fuireachais (Psm ), agus nuair is infheidhme tús moillithe (Pds ) a thomhas. Sloinntear na luachanna tomhaiste in W agus slánaítear iad go dtí an dara hionad deachúil.

Le linn an t-ídiú cumhachta i móid ísealchumhachta a thomhas, déanfar na feidhmeanna seo a leanas a sheiceáil agus a thaifeadadh:

(a)

faisnéis a thaispeáint nó gan í a thaispeáint;

(b)

nasc líonra a ghníomhachtú nó gan é a ghníomhachtú.

Má tá taispeáint faisnéise nó stádais san áireamh sa mhód fuireachais, cuirfear an fheidhm sin ar fáil freisin nuair a sholáthrófar an fuireachas líonraithe.

Má sholáthraítear feidhm coiscthe filltín leis an triomadóir rothlaim tí, cuirfear isteach ar an bhfeidhm sin trí dhoras an triomadóra rothlaim tí a oscailt, nó trí aon idirghabháil iomchuí eile a dhéanamh 15 nóiméad roimh an ídiú cumhachta a thomhas.

4.   ASTAÍOCHT FUAIMTHORAINN AERIOMPARTHA

Déanfar astaíocht fuaimthorainn aeriompartha ó thimthriall triomúcháin triomadóra rothlaim tí a ríomh don éiceachlár le hualach iomlán trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a n-uimhreacha tagartha chun na críche sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó trí mhodhanna eile atá iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe agus lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha a bhfuil glacadh leo go ginearálta.

Déanfar astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha a thomhas ina dB(A) i leith 1 pW agus déanfar iad a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire.


IARSCRÍBHINN V

Bileog faisnéise faoin táirge

De bhun Airteagal 3(1), pointe (b), iontrálfaidh an soláthróir an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 4 sa bhunachar sonraí táirgí.

Léireofar go soiléir sa lámhleabhar úsáideora nó i litríocht eile a sholáthraítear leis an táirge an nasc chuig an múnla sa bhunachar sonraí táirgí mar Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainní (URL) atá inléite ag an duine nó mar chód QR nó tríd an uimhir chlárúcháin táirge a sholáthar.

Tábla 4

Inneachar, ord agus formáid na bileoige faisnéise faoin táirge

Ainm nó trádmharc an tsoláthróra  (1) ,  (3):

Seoladh an tsoláthróra  (1) ,  (3):

Aitheantóir múnla  (1):

Teicneolaíocht an triomadóra rothlaim

[leictreach aer-aeráilte, comhdhlúthadán leictreach, gásadhainte]

Paraiméadair ghinearálta an táirge:

Paraiméadar

Luach

Paraiméadar

Luach

Toilleadh rátaithe (2) (kg)

x,x

Toisí (1) ,  (3) ina cm

Airde

x

Leithead

x

Doimhneacht

x

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI) (2)

x,x

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh (2)

[A/B/C/D/E/F/G] (4)

Éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin (%) (2)

(más infheidhme)

xx

Aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin (más infheidhme) (2)

[A/B/C/D] (4)

Tomhaltas ualaithe fuinnimh ina kWh in aghaidh an timthrialla triomúcháin (8). Braithfidh an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas.

x,xx

 

 

Fad an chláir (2) (uaireanta:nóiméid)

Toilleadh rátaithe

x:xx

Saghas

[ionsuite/saorsheasamh]

Leath

x:xx

Astaíocht fuaimthorainn aeriompartha  (2) (dB(A) maidir le 1 pW)

x

Aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha (2)

[A/B/C/D] (4)

An mód ‘as’ (más infheidhme) (W)

x,xx

An mód fuireachais (más infheidhme) (W)

x,xx

Tús moillithe (W) (más infheidhme)

x,xx

Fuireachas líonraithe (W) (más infheidhme)

x,xx

I gcás triomadóirí rothlaim tí atá feistithe le teaschaidéal, ainm ceimiceach nó córas ainmniúcháin an gháis cuisneáin a úsáidtear, ar córas é a nglactar leis sa tionscal, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe  (1)  (1) ,  (3).

 

Nasc gréasáin chuig faisnéis maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha do dheisitheoirí gairmiúla agus úsáideoirí deiridh  (1)  (3)  (5)

https://xxx

Nasc gréasáin chuig treoracha deisiúcháin d’úsáideoirí deiridh  (1)  (3)  (6)

https://xxx

Nasc gréasáin chuig praghsanna réamhchánach táscacha  (1)  (3)  (7)

https://xxx

Íosfhad na ráthaíochta arna tairiscint ag an soláthróir (1) ,  (3)

 

Faisnéis bhreise  (1) ,  (3):

Nasc chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, ar a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/XXX ón gCoimisiún (3)  (2)le fáil:


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún IO L, 2023/2533, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2533/oj

(1)  Ní mheasfar go mbeidh an ítim sin ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

(2)  Le haghaidh an éiceachláir.

(3)  Ní mheasfar go mbeidh athruithe ar na hítimí sin ábhartha chun críoch Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2017/1369.

(4)  Má ghineann an bunachar sonraí táirgí inneachar cinntitheach na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.

(5)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2023/XXX.

(6)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2023/2534.

(7)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe 5(1)(f) de Rialachán (AE) 2023/2534.

(8)  I gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, arna ríomh mar an meántomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin de réir Iarscríbhinn IV, pointe 1(f), arna roinnt ar 100.


IARSCRÍBHINN VI

Doiciméadacht theicniúil

1.   

I gcás triomadóirí rothlaim leictreacha tí, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (d):

(a)

tuairisc ghinearálta ar an múnla lenar féidir é a shainaithint go haonchiallach agus go héasca;

(b)

tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáideadh;

(c)

réamhchúraimí sonracha atá le déanamh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

(d)

mionsonraí agus torthaí na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

(e)

coinníollacha tástála, i gcás nach leordhóthanach an tuairisc a thugtar orthu sna tagairtí a sholáthraítear de bhun phointe (b) den roinn seo;

(f)

múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

(g)

na luachanna le haghaidh na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 5, a meastar gurb iad na luachanna fógartha iad chun críoch an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn IX;

Is éard a bheidh san fhaisnéis a sholáthraítear de bhun phointí (a) go (g) na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil atá le hiontráil sa bhunachar sonraí ag an soláthróir, de bhun Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2017/1369.

Tábla 5

Faisnéis atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil le haghaidh triomadóirí rothlaim leictreacha tí

PARAIMÉADAR

AONAD

LUACH

Toilleadh rátaithe don éiceachlár, ag eatraimh 0,5 kg (c)

kg

X,X

Tomhaltas fuinnimh an éiceachláir le hualach iomlán (Edry )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas fuinnimh an éiceachláir agus ualach páirteach ann (Edry,½ )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas ualaithe fuinnimh an éiceachláir (EtC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas fuinnimh caighdeánach an éiceachláir (SEC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI)

-

X,X

Fad an chláir don éiceachlár le hualach iomlán (Tdry )

u:nóim

X:XX

Fad an chláir don éiceachlár agus ualach páirteach ann (Tdry½ )

u:nóim

X:XX

Fad ualaithe an chláir don éiceachlár (Tt )

u:nóim

X:XX

Meánéifeachtúlacht comhdhlúthúcháin an éiceachláir le hualach iomlán (Cdry ) (más infheidhme)

%

XX

Meánéifeachtúlacht comhdhlúthúcháin an éiceachláir agus ualach páirteach ann (Cdry½ ) (más infheidhme)

%

XX

Éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin ualaithe an éiceachláir (Ct ) (más infheidhme)

%

XX

Astaíocht fuaimthorainn aeriompartha le linn an éiceachláir

dB(A) maidir le 1 pW

X

Ídiú cumhachta sa mhód ‘as’ (Po ) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais (Psm ) (más infheidhme)

W

X,XX

An áirítear taispeáint faisnéise le ‘mód fuireachais’?

-

Áirítear/Ní áirítear

Ídiú cumhachta sa ‘mhód fuireachais’ más é fuireachas líonraithe an coinníoll tástála (Pnsm) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta sa mhód ‘tús moillithe’ (Pds ) (más infheidhme)

W

X,XX

2.   

I gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, áireofar sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (d) an fhaisnéis a liostaítear i mír 1, pointí (a) go (f) den Iarscríbhinn seo, agus an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 6 don éiceachlár. Meastar gurb iad na luachanna i dTábla 6 na luachanna fógartha chun críoch an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX.

Is éard a bheidh san fhaisnéis a sholáthraítear de bhun na chéad fhomhíre den phointe seo na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil atá le hiontráil sa bhunachar sonraí ag an soláthróir, de bhun Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2017/1369.

Tábla 6

Faisnéis atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil le haghaidh triomadóirí rothlaim gásadhainte

PARAIMÉADAR

AONAD

LUACH

Toilleadh rátaithe don éiceachlár, ag eatraimh 0,5 kg (c)

kg

X,X

Ídiú gáis an éiceachláir le hualach iomlán (Egdry )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Ídiú gáis an ‘éiceachláir’ agus ualach páirteach ann (Egdry,½ )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Ídiú leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach iomlán

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Ídiú leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach páirteach

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas ualaithe fuinnimh an éiceachláir (EtC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas fuinnimh caighdeánach an éiceachláir (SEC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI)

-

X,X

Fad an chláir don éiceachlár le hualach iomlán (Tdry )

u:nóim

XXX

Fad an chláir don éiceachlár agus ualach páirteach ann (Tdry½ )

u:nóim

XXX

Fad ualaithe an chláir don éiceachlár (Tt )

u:nóim

XXX

Astaíocht fuaimthorainn aeriompartha le linn an éiceachláir

dB(A) re 1 pW

X

Ídiú cumhachta sa mhód ‘as’ (Po ) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais (Psm ) (más infheidhme)

W

X,XX

An áirítear taispeáint faisnéise le ‘mód fuireachais’?

-

Áirítear/Ní áirítear

Ídiú cumhachta sa ‘mhód fuireachais’ más é fuireachas líonraithe an coinníoll tástála (Pnsm ) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta sa mhód ‘tús moillithe’ (Pds ) (i gcás inarb infheidhme)

W

X,XX

3.   

Féadfar an fhaisnéis a áirítear sa doiciméadacht theicniúil le haghaidh múnla áirithe triomadóra rothlaim tí a fháil trí aon cheann de na modhanna seo a leanas a úsáid:

(a)

ó mhúnla ag a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna is ábhartha maidir leis an bhfaisnéis theicniúil a sholáthrófar ach a tháirgeann soláthróir eile,

(b)

trí ríomh ar bhonn deartha nó eachtarshuímh ó mhúnla eile de chuid an tsoláthróra chéanna nó de chuid soláthróir difriúil,

I gcás ina bhfaightear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí aon cheann de na modhanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) a úsáid, áireofar sa doiciméadacht theicniúil mionsonraí an ríomha, an measúnú a rinne na soláthróirí chun cruinneas an ríomha a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú céannachta idir múnlaí na soláthróirí éagsúla.


IARSCRÍBHINN VII

Faisnéis atá le soláthar i bhfógraí amhairc, in ábhar fógraíochta teicniúil agus i gciandíol, seachas ciandíol ar an idirlíon

1.   

I bhfógraí amhairc, chun críocha comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (e), agus in Airteagal 4, pointe (c), a áirithiú, déanfar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad a thaispeáint mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.

2.   

In ábhar fógraíochta teicniúil, chun comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (f), agus in Airteagal 4, pointe (d), a áirithiú, léireofar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.

3.   

I gcás ciandíol páipéarbhunaithe, taispeánfar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.

4.   

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3, léireofar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh, mar a léirítear i bhFíor 5, i gcomhréir leis na sonraíochtaí seo a leanas:

(i)

úsáidfear saighead, ina mbeidh litir na haicme éifeachtúlachta fuinnimh in 100 % bán, Calibri Bold agus i gclómhéid atá coibhéiseach ar a laghad leis an gclómhéid atá ar an bpraghas, nuair a thaispeántar an praghas;

(ii)

beidh dath na saigheada ar aon dul le dath na haicme éifeachtúlachta fuinnimh;

(iii)

beidh raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil in 100 % dubh;

(iv)

beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an tsaighead sofheicthe agus soléite go soiléir. Déanfar an litir i saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead, agus beidh teorainn 0,5 phointe in 100 % dubh suite timpeall na saighde agus litir na haicme éifeachtúlachta fuinnimh.

De mhaolú air sin, má dhéantar an fógra amhairc, an t-ábhar fógraíochta teicniúil nó an ciandíol páipéarbhunaithe a phriontáil i monacróm, féadfaidh an tsaighead a bheith i monacrómach san fhógra amhairc, san ábhar fógraíochta teicniúil nó sa chiandíol páipéarbhunaithe sin.

Fíor 5

Saighead ar chlé dhaite/mhonacrómach, agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh léirithe

Image 27

5.   

Cuirfidh ciandíol bunaithe ar theileamhargaíocht an custaiméir ar an eolas go sonrach faoi aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge agus faoi raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, agus tabharfar an deis don chustaiméir rochtain a fháil ar an lipéad iomlán agus ar an mbileog faisnéise faoin táirge trí shuíomh gréasáin saor-rochtana, nó trí chóip chlóite a iarraidh.

6.   

Maidir leis na cásanna uile a luaitear i bpointí 1, 2, 3 agus 5, beidh an custaiméir in ann cóip chlóite den lipéad agus den bhileog faisnéise faoin táirge a fháil, arna iarraidh sin.


IARSCRÍBHINN VIII

Faisnéis atá le soláthar i gcás ciandíola ar an idirlíon

1.   

An lipéad iomchuí a chuirfidh soláthróirí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (g), léireofar é ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge, más rud é go léirítear an praghas, agus i ngach cás eile i ngaireacht d’ainm nó do phictiúr an táirge. Beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an lipéad sofheicthe agus soléite go soiléir agus go mbeidh sé comhréireach leis an méid a shonraítear in Iarscríbhinn III. Féadfar an lipéad a thaispeáint trí úsáid a bhaint as taispeáint neadaithe, agus sa chás sin comhlíonfaidh an íomhá a úsáidfear chun rochtain a fháil ar an lipéad na sonraíochtaí a leagtar síos i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo. Má chuirtear taispeáint neadaithe i bhfeidhm, beidh an lipéad le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche, ar tar-rolladh na luiche nó ar leathnú an scáileáin thadhlaigh ar an íomhá.

2.   

Maidir leis an íomhá a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an lipéad i gcás taispeáint neadaithe, mar a léirítear i bhFíor 6, déanfar an méid seo a leanas:

(i)

beidh sí ina saighead sa dath a chomhfhreagraíonn d’aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge ar an lipéad;

(ii)

léireofar aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge sa tsaighead in 100 % bán, Calibri Bold agus i gclómhéid atá coibhéiseach le cló an phraghais;

(iii)

beidh raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil in 100 % dubh;

(iv)

beidh sí san fhormáid seo a leanas, agus fágfaidh a méid go mbeidh an tsaighead sofheicthe agus soléite go soiléir. Déanfar an litir i saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead, agus beidh teorainn infheicthe in 100 % dubh suite timpeall na saighde agus litir na haicme éifeachtúlachta fuinnimh:

Fíor 6

Saighead dhaite ar chlé, agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh léirithe

Image 28

3.   

I gcás taispeáint neadaithe, is mar a leanas a bheidh seicheamh taispeána an lipéid:

(a)

léireofar an íomhá dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge;

(b)

nascfaidh an íomhá leis an lipéad a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(c)

taispeánfar an lipéad tar éis cliceáil luiche, rolla luiche os a chionn nó leathnú tadhlach an scáileáin ar an íomhá;

(d)

taispeánfar an lipéad trí phreabadh suas, cluaisín nua, leathanach nua nó taispeáint scáileáin insuite;

(e)

chun an lipéad ar scáileáin thadhlacha a fhormhéadú, beidh feidhm ag coinbhinsiúin na ngaireas le haghaidh formhéadú tadhlach;

(f)

scoirfear den lipéad a thaispeáint trí rogha dhúnta nó trí shásra dúnta caighdeánach eile;

(g)

is éard a bheidh sa téacs malartach don ghrafaic, a thaispeánfar ar mhainneachtain an lipéad a thaispeáint, aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge i gclómhéid atá coibhéiseach le clómhéid an phraghais.

4.   

An bhileog leictreonach faisnéise faoin táirge a chuirfidh an soláthróir ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (h), léireofar é ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge, más rud é go léirítear an praghas, agus i ngach cás eile i ngaireacht d’ainm nó do phictiúr an táirge. Beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge sofheicthe agus soléite go soiléir. Féadfar an bhileog faisnéise faoin táirge a thaispeáint trí úsáid a bhaint as taispeáint neadaithe nó trí thagairt a dhéanamh don bhunachar sonraí táirgí, agus sa chás sin léireofar ‘Bileog faisnéise faoin táirge’ go soiléir soléite sa nasc a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Má úsáidtear taispeáint neadaithe, beidh an bhileog faisnéise faoin táirge le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche, ar tar-rolladh na luiche nó ar leathnú an scáileáin thadhlaigh ar an nasc.


IARSCRÍBHINN IX

Nós imeachta fíorúcháin chun críoch faireachais margaidh

1.   

Ní bhaineann na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ach le fíorú luachanna fógartha na bparaiméadar ag údaráis na mBallstát agus ní úsáidfidh an soláthróir iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna a dheimhniú sa doiciméadacht theicniúil nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó feidhmíocht níos fearr a chur in iúl ar aon bhealach.

2.   

Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí don soláthróir ná na luachanna a thuairiscítear sa doiciméadacht theicniúil.

3.   

I gcás inar dearadh múnla ar bhealach a fhágann go mbeifear in ann a bhrath go bhfuil sé á thástáil (trí na dálaí tástála nó an timthriall triomúcháin tástála a aithint, mar shampla), agus freagairt go sonrach trína fheidhmíocht le linn na tástála a athrú go huathoibríoch agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sa Rialachán seo nó a áirítear sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann den doiciméadacht a chuirtear ar fáil, measfar nach bhfuil an múnla agus na samhlacha coibhéiseacha uile comhlíontach.

4.   

Mar chuid den fhíorú go gcomhlíonann múnla táirge na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, cuirfidh údaráis na mBallstát an nós imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

fíoróidh údaráis na mBallstát aon aonad amháin den mhúnla.

(b)

measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme i gcás ina gcomhlíonann sé gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(i)

nach fabhraí don soláthróir na luachanna fógartha a thugtar sa doiciméadacht theicniúil de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369, agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna a úsáidtear chun na luachanna fógartha sin a ríomh ná na luachanna comhfhreagracha a thugtar sna tuarascálacha tástála;

(ii)

na luachanna a fhoilsítear ar an lipéad agus ar an mbileog faisnéise faoin táirge, nach fabhraí don soláthróir iad ná na luachanna fógartha, agus an aicme éifeachtúlachta fuinnimh, an aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin agus an aicme astaíochta fuaimthorainn aeriompartha a léirítear, nach fabhraí don soláthróir iad ná an aicme arna cinneadh ag na luachanna fógartha;

(iii)

na luachanna cinntithe, is é sin luachanna na bparaiméadar ábhartha arna dtomhas sa tástáil agus na luachanna arna ríomh ó na tomhais sin, comhlíonann siad na nithe seo a leanas:

a)

na critéir bhailíochta a leagtar amach i dTábla 7;

b)

na lamháltais fíorúcháin faoi seach a leagtar amach i dTábla 7.

5.   

I gcás nach mbaintear amach na torthaí dá dtagraítear i mír 4(b), pointí (i) nó (ii), measfar nach gcomhlíonann an múnla ná gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo.

6.   

I gcás nach mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i mír 4(b), pointe (iii), roghnóidh údaráis na mBallstát trí aonad breise den mhúnla céanna le haghaidh tástála. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na trí aonad breise a roghnófar a bheith d’aon mhúnla coibhéiseach amháin nó níos mó.

7.   

Measfar nach gcomhlíonann an múnla ná aon mhúnla coibhéiseach an Rialachán seo a luaithe nach gcomhlíonann an luach cinntithe don mheánchion taise deiridh don éiceachlár na critéir bhailíochta mar a thugtar iad i dTábla 7 le haghaidh ceann amháin de na trí aonad breise dá dtagraítear i bpointe 6. Sa chás sin, ní gá na haonaid eile nár tástáladh fós a thástáil. Measfar go gcomhlíonann an múnla an Rialachán seo más rud é go gcomhlíonann an luach cinntithe don chion taise deiridh na critéir bhailíochta mar a thugtar iad i dTábla 7 do gach ceann de na trí aonad breise.

8.   

Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más rud é, maidir leis na trí aonad dá dtagraítear i bpointe 6, go gcomhlíonann meán uimhríochtúil na luachanna cinntithe na lamháltais fíorúcháin ar leith a leagtar amach i dTábla 7.

9.   

I gcás nach mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe 8, measfar nach gcomhlíonann an múnla ná aon mhúnla coibhéiseach an Rialachán seo.

10.   

Cuirfidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla de bhun mhíreanna 2, 3, 5, 7 nó 9.

11.   

Úsáidfidh údaráis na mBallstát na modhanna tomhais agus ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

12.   

Ní chuirfidh údaráis na mBallstát i bhfeidhm ach na critéir bhailíochta agus na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 7 agus ní úsáidfidh siad ach an nós imeachta a thuairiscítear i bpointí 1 go 9 i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo. I gcás na bparaiméadar a leagtar amach i dTábla 7, ní chuirfear i bhfeidhm aon chritéar bailíochta ná lamháltas fíorúcháin eile, amhail na cinn sin a leagtar amach i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó in aon mhodh tomhais eile.

Tábla 7

Lamháltais fíorúcháin agus critéir bhailíochta

Paraiméadar

Critéir bhailíochta

Meánchion taise deiridh an éiceachlár μt

Déanfar an luach cinntithe a thomhas agus a ríomh agus beidh sé níos ísle ná 1,5 %.

Paraiméadar

Lamháltais fíorúcháin

Edry agus Edry½

Ní rachaidh an luach cinntithe* thar 6 % os cionn luach fógartha Edry agus Edry½ .

Egdry agus Egdry½

Ní rachaidh an luach cinntithe* thar 6 % os cionn luach fógartha Egdry agus Egdry½ .

Egdry,a agus Egdry½,a

Ní rachaidh an luach cinntithe* thar 6 % os cionn luach fógartha Egdry,a agus Egdry½,a .

Ct

Ní bheidh an luach cinntithe* níos lú ná luach fógartha Ct de níos mó ná 6 %.

Tdry agus Tdry½

Ní rachaidh an luach cinntithe* thar 6 % os cionn luach fógartha Tdry agus Tdry½ .

Po

Ní rachaidh luach cinntithe* an ídithe cumhachta Po thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha.

Psm

Ní rachaidh luach cinntithe* an ídithe cumhachta Psm thar 10 % os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha i gcás ina bhfuil an luach fógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

Pds

Ní rachaidh luach cinntithe* an ídithe cumhachta Pds thar 10 % os cionn an luacha fhógartha más tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha i gcás ina bhfuil an luach fhógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha

Ní rachaidh an luach cinntithe* thar 2 dB(A) os cionn an luacha fhógartha maidir le 1 pW.

*

I gcás ina ndéantar trí aonad breise a thástáil i gcomhréir le pointe 6, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna arna chinneadh le haghaidh na dtrí aonad breise sin.


IARSCRÍBHINN X

Triomadóirí rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin

Beidh feidhm ag forálacha Iarscríbhinní II agus III maidir le gach druma, de réir na modhanna tomhais agus ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Beidh feidhm ag forálacha Iarscríbhinní II agus III maidir le gach ceann de na drumaí ar leithligh, seachas i gcás ina dtógtar na drumaí sa chásáil chéanna agus nach féidir leo feidhmiú san éiceachlár ach go comhuaineach. Sa chás deiridh sin, beidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis an triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin ina n-iomláine mar a leanas:

(a)

is éard a bheidh i dtoilleadh rátaithe an triomadóra rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin, ina iomláine, suim an toillte rátaithe atá ag gach druma;

(b)

is éard a bheidh i dtomhaltas fuinnimh an triomadóra rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin, ina iomláine, suim an tomhaltais fuinnimh atá ag gach druma;

(c)

ríomhfar Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI) an triomadóra rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin, ina iomláine, trí úsáid a bhaint as an toilleadh rátaithe agus an tomhaltas fuinnimh a luaitear i bpointí a) agus b) thuas. Tá feidhm ag an aicme éifeachtúlachta fuinnimh maidir leis an triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin ina iomláine;

(d)

is éard a bheidh i bhfad an chláir don triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin, ina iomláine, fad an éiceachláir is faide a oibríonn i ngach druma;

(e)

déanfar cion taise deiridh an éiceachláir a thomhas go haonarach le haghaidh gach druma sa triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin;

(f)

na móid ísealchumhachta, na hastaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha agus an aicme astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha, beidh feidhm acu uile maidir leis an triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin ina iomláine.

Áireofar ar an mbileog faisnéise faoin táirge agus sa doiciméadacht theicniúil, agus cuirfear i láthair go comhpháirteach iontu, an fhaisnéis a éilítear faoi Iarscríbhinní V agus VI, faoi seach, le haghaidh na ndrumaí uile a bhfuil feidhm ag forálacha na hiarscríbhinne seo maidir leo.

Beidh feidhm ag forálacha Iarscríbhinní VII agus VIII maidir le gach ceann de na drumaí ar drumaí iad a bhfuil feidhm ag forálacha na hIarscríbhinne seo maidir leo.

Tá feidhm ag an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn IX maidir le triomadóirí rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin ina n-iomláine, agus beidh feidhm ag na critéir bhailíochta agus na lamháltais fíorúcháin maidir le gach ceann de na paraiméadair arna gcinneadh agus an Iarscríbhinn seo á cur i bhfeidhm.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2534/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top